← Bhí an dá iarann déag sa tine aige i dtólamh, arsa seisean, mórchúis ina ghlór, ach bíodh thíos thuas, ar uair na cruóige, rinne seisean cinnte de go ndéantaí cibé obair a bhí le déanamh ar an sprioc. 🔊✎
← Ligfinn orm féin go raibh mé bog go bhfeicfinn cad é mar a bhí sé ag brath buntáiste a ghlacadh orm. 🔊✎
← Bheadh toradh fiúntach ar an infheistíocht seo gan aon dabht sa chruth go mbeadh ciste airgid fá mo choinne i gcónaí nuair a d'fhillfinn ar Neipeal. 🔊✎
← De réir mar a bhí sé ag téamh leis an racht ceana seo, mar dhea, bhí sé ag tarraingt níos clósáilte domh ionas go raibh greim láimhe aige orm faoin tráth seo. 🔊✎
← Bhí sé ag féachaint orm go gear go bhfeicfeadh sé an raibh an chaint leataobhach seo ag dul i bhfeidhm orm. 🔊
← Shíl sé go raibh mé somheallta agus go dtiocfadh leis suí i mo bhun agus ceann siar a chur orm. 🔊✎
← Is cosúil gur chuir bean an tí leid ina chluas go raibh an fear istigh do mo dhéanamh go dtí an dá shúil. 🔊✎
← Dúirt mé leis nach raibh baol ar bith go nglacfadh an breallán seo lámh orm. 🔊✎
← Bhí eagla air go raibh mé ag éirí doicheallach, ag tarraingt siar. 🔊✎
← Bhí sramaí lena shúile ar an mhéad is a bhí siad ar leathadh aige os mo chomhair in iúl is go n-amharcfainn síos isteach i nduibheagán a dhúchais is go gcreidfinn go raibh sé gach choir, gan chlaonadh. 🔊
← Faoin am seo bhí sé siúráilte go raibh mé faoina anáil aige. 🔊✎
← Bhí a fhios agamsa go raibh slam de lire beagluachacha na hIodáile sáite i leataobh agam le fada i dtóin mo mhála droma. 🔊✎
← D'aimsigh mé iad láithreach agus chuntas mé amach lab nótaí díobh go mórluachach go raibh lán a chráige aige. 🔊✎
← Shíl sé go raibh a shainte de mhaoin aige ina lámh nuair a chonaic sé na nótaí míle ag carnadh ina bhois. 🔊✎
← Chomh luath agus a bhí an t-airgead istigh i gcúl a dhoirn aige, thosaigh sé ag méanfach agus ag ligean air féin go raibh néal codlata ag teacht air. 🔊✎
← Cé go raibh sé gaolta léi, a dúirt sí, is beag dáimh a bhí aici leis. 🔊